C.L.G. An Spidéal

Directions

C.L.G. An Spidéal Leathanach Oifigiúil CLG An Spidéal, cumann peile agus iomána ón Spidéal i gConamara. Bunaithe i 1906. Bródúil, Croíúil, Gaelach.

D'aon duine nach bhfuil in ann a bheith linn i Staid an Phiarsaigh inniu don chluiche mór, déanfar é a chraoladh ar Stre...
25/10/2026

D'aon duine nach bhfuil in ann a bheith linn i Staid an Phiarsaigh inniu don chluiche mór, déanfar é a chraoladh ar StreamSport.

Beidh tráchtaireacht bheo ar Raidió na Gaeltachta agus ar Galway Bay FM chomh maith.
💙💛🖤🧡

🏆 GAME DAY 🏆

📅Sunday 25th October 2026
📍 Pearse Stadium:
Sweeney Oil Intermediate Football Championship Final
Caherlistrane GAA & LGFA vs An C.L.G. An Spidéal
🕑2:00pm

Bon Secours Hospital Senior Football Championship Final Cumann Peile Mhaigh Cuilinn vs Salthill Knocknacarra GAA Club
🕓4:00pm

📺Live on Galway GAA TV 📺
https://galway.streamsport.ie/

Match Tickets
https://www.universe.com/users/galway-gaa-PQXL0K
Adult online tickets €22 - Contactless Adult payment at the gate €25
Student/OAP's online ticket €15 - Contactless Student/OAP's payment at the gate €20
Students/OAP's will be required to provide the relevant ID
U16s Free of Charge

IMPORTANT: NO CASH PAYMENTS WILL BE ACCEPTED AT THE GATE

Buíochas mór le Fergus agus McGinn's Hop House as urraíocht a dhéanamh ar mhiotóigí do na lads amárach. Beidh siad ag te...
24/10/2026

Buíochas mór le Fergus agus McGinn's Hop House as urraíocht a dhéanamh ar mhiotóigí do na lads amárach. Beidh siad ag teastail seans! 💦🏐🧤
💙💛🖤🧡

🚨⏰ ATHRÚ AMA ⏰🚨Beidh an cluiche ceannais Idirmheánach in aghaidh Chathair Loistreáin anois ag 2PM Dé Domhnaigh, seachas ...
23/10/2026

🚨⏰ ATHRÚ AMA ⏰🚨

Beidh an cluiche ceannais Idirmheánach in aghaidh Chathair Loistreáin anois ag 2PM Dé Domhnaigh, seachas mar a bhí fógartha roinhe seo.

Tá cluiche ceannais na sinsear idir Maigh Cuilinn agus Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach anois le bheith ag 4pm tar éis cluiche s'againne.

Scaip an scéal!
💙💛🖤🧡

Níl stop leis na cluichí ceannais na laethanta seo! Go n-éirí leis na lads Faoi 16 a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais...
21/10/2026

Níl stop leis na cluichí ceannais na laethanta seo! Go n-éirí leis na lads Faoi 16 a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais na sraithe oíche Déardaoin. Beidh siad ag dul chun páirce trasna an chuain in aghaidh Chinn Mhara ag 7.30pm.
💙💛🖤🧡

Uimhreacha Lotto: 4️⃣ 6️⃣ 1️⃣9️⃣ 2️⃣0️⃣Ní raibh aon bhuaiteoir againn ar an bpota óir an tseachtain seo. Fágann sin go m...
20/10/2026

Uimhreacha Lotto: 4️⃣ 6️⃣ 1️⃣9️⃣ 2️⃣0️⃣

Ní raibh aon bhuaiteoir againn ar an bpota óir an tseachtain seo. Fágann sin go mbeidh 💰€15,400 sa bpota an tseachtain seo chugainn!

Bhí trí uimhir ag na daoine a leanas agus fuair sé siad €35 an duine;

Ronan Griffin - Ar líne

Joe Clancy - Sidheán

Máirtín Feeney - Cré Dhubh

🚨⏰ ATHRÚ AMA ⏰🚨** Beidh an cluiche ceannais Idirmheánach anois ag 2PM Dé Domhnaigh, seachas ach 3pm. Beidh an cluiche ce...
20/10/2026

🚨⏰ ATHRÚ AMA ⏰🚨
** Beidh an cluiche ceannais Idirmheánach anois ag 2PM Dé Domhnaigh, seachas ach 3pm. Beidh an cluiche ceannais sinsear ag 4pm **

Dé Domhnaigh beag seo an lá mór do na peileadóirí agus muid arís ag fáil réidh do chluiche ceannais Idirmheánach an chontae!

Imreoidh na lads in aghaidh Chathair Loistreáin ag 2.00pm istigh i Staid an Phiarsaigh. Tá súil againn slua mór a fheiceáil istigh, déanfaidh gach duine breise a beidh againn difríocht!
💙💛🖤🧡

Ní raibh an lá leis na mná sa gcluiche ceannais inniu agus an chraobh tugtha leo acu ag Carna-Caiseal théis am breise. B...
18/10/2026

Ní raibh an lá leis na mná sa gcluiche ceannais inniu agus an chraobh tugtha leo acu ag Carna-Caiseal théis am breise. Briseadh croí dúinn ach beidh muid ar ais go cinnte.

Comhghairdeachas le Peil na mBan Carna Caiseal 💛 as a mbua agus buíochas le gach duine a thacaigh linn inniu agus i rith an tséasúir ar fad.

Coinnigí na bratacha agus na dathanna in airde do chluiche ceannais na bhfear Dé Domhnaigh seo chugainn!
💙💛🖤🧡

Tá an lá mór tagtha do na mná agus dán álainn cumtha ag duine dár lucht tacaíochta chun an t-éacht atá déanta a cheiliúr...
18/10/2026

Tá an lá mór tagtha do na mná agus dán álainn cumtha ag duine dár lucht tacaíochta chun an t-éacht atá déanta a cheiliúradh:

Gioraíonn beirt bóthar,
Cairde le bhur dtaobh,
Gualainn le gualainn,
Tabhairt aghaidh ar an gcraobh.

Gioraíonn beirt bóthar,
Idir olc agus mhaith,
Uaireanta caite,
Ag réiteach don chath.

Gioraíonn beirt bóthar,
Seo’d iad na mná,
A thacaíonn le chéile,
Le cion agus grá.

Gioraíonn beirt bóthar
Is sibh ‘dul chun páirce,
Beidh bród inár gcroíthe,
As ár ngaisce ‘s ár gcairde.

Ach ní beirt atá agaibh,
Ach foireann mná cróga,
Ag seasamh le chéile,
Meitheal mná óga.
💙💛🖤🧡

Ba mhaith linn buíochas mór a ghabháil le Mairtin O Flatharta Teo agus Cairde An Áras as urraíocht a dhéanamh ar t-shirt...
17/10/2026

Ba mhaith linn buíochas mór a ghabháil le Mairtin O Flatharta Teo agus Cairde An Áras as urraíocht a dhéanamh ar t-shirts agus geansaithe d'fhoireann na mban don chluiche ceannais! Tá siad go hálainn!

Tá muid an-bhuíoch as an tacaíocht ar fad atá faighte againn ón bpobal go dtí seo!
💙💛🖤🧡

Uimhreacha Lotto: 2️⃣ 4️⃣ 1️⃣2️⃣ 3️⃣0️⃣Ní raibh aon bhuaiteoir againn ar an bpota óir an tseachtain seo. Fágann sin go m...
13/10/2026

Uimhreacha Lotto: 2️⃣ 4️⃣ 1️⃣2️⃣ 3️⃣0️⃣

Ní raibh aon bhuaiteoir againn ar an bpota óir an tseachtain seo. Fágann sin go mbeidh 💰€15,300 sa bpota an tseachtain seo chugainn!

Bhí trí uimhir ag na daoine a leanas agus fuair siad € an duine;

Mary Conneely - Ar líne

Meabh Curran - Athenry

Shane Conroy - Texaco

Address

Coláiste Chonnacht
Galway
H91NR71

Website

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when C.L.G. An Spidéal posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Shortcuts

Share